
Tá Cumann Peile na hÉireann i gcomhar le SPAR tar éis Treoir Itheacháin Sláintiúil na nImreoirí a chuir le chéile le páistí a spreagadh glacadh le nósanna itheacháin níos sláintiúla.
Bíonn páistí in ann díriú níos fearr ar a gcuid oibre agus níos mó a fhoghlaim ag an scoil nuair a itheann siad bia sláintiúil. Tugann sé a ndóthain fuinnimh dhóibh freisin imirt go barr a maitheasa ag spóirt. Cabhróidh na roghanna ciallmhara a dhéanann siad agus iad ina bpáistí leo fás suas le bheith ina ndéagóirí agus daoine fásta níos sláintiúla.
Tháinig imreoirí ó Fhoireannacha Phoblacht na hÉireann Sinsir na bhFear agus na mBan le chéile le cabhrú, mar atá le feiceáil sa ngrianghraf thuas de Jonathan Walters, Paul McShane agus Jeff Hendrick agus iad ag blaiseadh roinnt dena béilithe ag óstán na foirne.
Oibríonn Dan Horan, Ceannaire Corpacmhainne An FAI, go dlúth le foireannacha Phoblacht na hÉireann na bhFear agus na mBan, mar sin tá fhios aige go maith cén chaoi imreoirí a réiteach le go mbeidh siad i mbarr a maitheasa agus iad ag imirt ar an bpáirc. Is duine dena saineolaithe sa Treoir seo é Dan, chomh maith le Mark Evans agus Ellen Roche atá ard-scil acu agus iad cáilithe mar saineolaithe cothúcháin agus mar bhia-eolaithe agus chuir siad rogha leathan de bhricfeastaí, lóin, dinnéir agus sneaiceanna ar fáil.
Duine tábhachtach eile ná David Steele, atá mar Phríomh-chócaire ag foireannacha na hÉireann, agus is é a réitigh chaon cheann dena miasanna iontacha atá sa Treoir seo. Sa leabhrán, tiocfaidh tú ar na comhábhair a bheas ag teastáil agus na modhanna cócaireachta a úsáidfear le na béilithe a réiteach.
Deir Colin Donnelly, Bainisteoir Díolaíochta SPAR, “Tá muid thar a bheith sásta bheith páirteach i Treoir Itheacháin Sláintiúil na nImreoirí an FAI. Anseo ag SPAR tá muid ag díriú ar thairscintí fholláin agus shláintiúil do pháistí mar chuid den togra SPAR Better Choices Kids.
Déanann ár gComhairleoir Bhia-Eolaíochta Ellen Roche cinnte go bhfuil riachtanaisí beatha agus sláinte íditheoirí SPAR i gceart agus bhain sí an-taitneamh as páirt a ghlacadh sa Treoir. Tá súil agam go mbainfidh páistí ar fud na tíre taitneamh agus tairbhe as Treoir Itheacháin Sláintiúil na nImreoirí.”
D'fháiltigh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an FAI John Delaney roimh an Treoir, ag rá “Caitheann an FAI le sláinte agus beatha pháistí i gcónaí go cúramach agus go dlúth ag an leibhéal is airde, mar sin ceanglaíonn an Treoir Itheachán Sláintiúil seo isteach go díreach lenár meon leasa pháistí agus forbairt imreora.
“Is bealach iontach é an Treoir do pháistí glacadh le nósanna dearfacha ó aois óg agus tá muid an-sásta go raibh SPAR ina pháirtí linn sa togra fiúntach seo. Spreagann muid i gcónaí imreoirí, ó leibhéal chosmhuintir suas go foireannacha sinsir Phoblacht na hEireann, sás a bhaint as a bheith ag imirt peile agus an chaoi is fearr é sin a dhéanamh ná bheith sláintiúil.
“Ba mhaith liom Mark Scanlon, Diane Fay agus Dylan Maguire ón Rannóg Scoileanna agus Coláistí a mholadh go h-ard os ucht an Treoir iontach seo a chuir le chéile, agus ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt d'inchur imreoirí sinsir Phoblacht na hÉireann na bhFear agu na mBan. Tá súil agam go n-úsáidfidh páistí timpeall na tíre an Treoir seo agus go roinnfidh siad lena gclann agus lena gcairde é.”
Sa Treoir freisin tá roghanna lóin sláintiúla, leideanna le do bheathú a fheabhsú agus liosta fada de bhianna a chabhróidh le páistí beatha chothrom a chruthú.
Beidh an Treoir Itheacháin Sláintiúil na nImreoirí, atá foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla, ar fáil i siopaí SPAR ar fud na tíre agus is féidir é a íoslódáil anseo: www.fai.ie/healthyeatingguide